Ní Gaelach amháin, ach Chomhfhiosach chomh maith.

 

cairbredufair.jpg

 

Is deacair an rud é ealú ó bhaois an tsaoil sa lá atá inniú ann.  Tá muid ceangailte fiche ceathair uair a chloig, greim magarlaí ag na corpráidí móra orainn.  Nach glic iad na modhanna atá acu muid a choinneáil faoi gheasa acu.  Ní hé amháin go dtaitníonn an teilifís linn, an ríomhaire, Facebook, Twitter, Instagram, an iPhone, an mearbhia, an alcól, an tomhaltachas, ach bímid ag brath orthu. Gan iad níl muid in ann feidhmiú níos mó.  Chomh luath is atá tú súite isteach is beag an t-éalú uathu.  An siúcra sa bhia, an nicitín sa tobac, an pléisiúr sa tsiopadóireacht, sásamh láithreach an Ghréasain Dhomhanda.

 

Ach an féidir an lucht a chur ar an ghnáth dhuine?  Nochtann staideár a foilsíodh i 2014 go lasann úsáid Facebook an réigiún céanna den inchinn is a lasann suas le húsáid an druga cócaon.  Tá go leor taighde deánta ar an mbealach a n-imríonn na meáin shóisialta ar ghabhdóirí dopaimín san inchinn.  Is é an córas opóideach a thugann orainn pléisiúr a mhothú, agus is é an chóras dopaimín a thugann orainn an pléisiúr a lorg.  Foinse fhlúirseach cuitimh inchinne í an like, an comment  agus, ar nós andúileach maith ar bith, téann muid sa tóir ar an chéad steall (fix) eile.  Le himeacht ama, cosúil le madraí Pavlov, spreagann an fógra (notification) sin ar do ghúthan póca an córas dopaimín, nod go bhfuil an cúiteamh ag teacht!

 

Cén duine nach mbíonn ag súil leis an solas beag dearg sin a léimeann amach as an scáileán ort –  ag fogairt idirghníomhú ar Facebook?  Cé nach ndéanann rince meabhrach nuair a chloistear beep an teachtaireachta téacs ag tuirlingt i bpóca s’agat?  Ní de thaisme a dtéann sé i bhfeidhm orainn mar seo ach is sárbheartú margaíochta atá ann. Mar a dúirt mé, greim magarlaí!

man sitting at the table with laptop

Ar na mallaibh chaith mé seachtain i ndufair an Amasóin i bPeiriú.  Thaisteal muid amach as Iquitos i mbád, síos abhainn an Nanay agus, leis sin, d’fhág muid inár ndiaidh slabhraí an tsochaí agus an domhain mire seo ina bhfuil muid rannpháirteach.  Seacht lá gan teilifís, gan Facebook, gan rhíomhphost, gan chomhartha gútháin.  Gan leictreachas, ná uisce reatha, gan chathú an tionscail bhia a rialaíonn an méid a chuireann muid inár ngoba.  Seachtain i measc na ndaoine aitiúla, an nadúir, na bplandaí, agus i gcroílár dhúlra iarghúlta na dufaire.  Ba é ansin a fuair mé blaiseadh beag ar shlí bheatha a bhí éagsúil ar fad ón cheann a bhfuil taithí agam  air.  Agus ba údar spéise dom bheith ag faire ar na bundúchasaigh agus ar an aoi-theaghlach a bhí mar óstóir agam.

Agus tú ag amharc air ón taobh amuigh, thiocadh dó go mbeadh trua agat dóibh.  Na créatúir bhochta, gan Netflix, gan Snapchat?  Gan deis acu cluiche FIFA a imirt ar an Playstation?  Nach úafásach gur ina gcónaí san Amasón atá siad ach nach féidir leo tairgí a ordú ar amazon.com?  Ach bheadh dul amú ort. Tá níos mó rudaí againne ceart go leor, ach tá luachanna dobhraite acu siúd atá go mór ar lár i sochaí an Iarthair agus, leis sin, bhraith mé suaimhneas spioradálta.  Caitheann siad níos mó ama ag cumarsáid lena chéile. Tá caidreamh ar leith acu leis na plandaí a chothaíonn iad agus leis na hainmhithe go léir a mhaireann taobh leo.  Ba rí-shoiléir domsa gur chaith siad lena chéile agus leis an dtimpeallacht ar bhealach ar leith.  Meas, caidreamh siombóiseach, feasacht.  Is minic a d’fheicfinn iad ag cur isteach a gcuid ama ina suí go díomhaoin, ag sú isteach an dúiche mórthimpeall orthu, gan aon ghá phráinneach a bheith gnóthach.  Cad é an uair dheirneach ar chaith tú beagán ama mar seo, gan aon ionchur leictreonach ná eile, tú féin agus do chuid smaointe?  Níl aon duine níos ciontaí ná mé féin –  ‘mura bhfuil tú ag bogadh chun tosaigh tá tú ag titim siar!’ – ach b’fhéidir nach mór dúinn ár gcuid ceartaiseacht a chur i leataobh seal agus foghlaim uathu siúd nach bhfuil faoin gheasa chéanna linn féin.

cairbre-2
Lucht déanta Ayahuasca

 

Dar le Riane Eisler, staraí le cultúir lonnaithe san Ostair a bhfuil clú uirthi, is féidir amharc ar chultúr agus ar an sochaí daonna ar dhá dhóigh éagsúla – mar atá – sochaí atá forlámhach nó sochaí atá  comhpháirtíoch.  Tá córas an fhorlámhachais bunaithe ar ord, ar cheannas na bhfear agus ar smacht.  Tá ceannasaíocht ag an ego, ag an bhreithiúnas, ag an lámh láidir, ag an fhaitíos agus ag an chiontacht.  Féiniúlacht shóisialta a chruthaíonn grúpaí bunaithe ar ‘muidne’ vs ‘iadsan’ – an steiréitíopáil.  Seo an domhan mar atá sé inniú.  An domhan chéanna a d’fhág an bealach oscailte don sclábhaíocht, don choilíniú agus do shlad na dtreibheanna dúchasacha ar mhaithe le hachmainn a shealbhú agus ar mhaithe leis an tsaint.

Ach, de réir Eisler, bhíodh sochaí iomlán éagsúil i réim tráth dá raibh.  Cultúr doshamhlaithe sa lá atá inniú ann.  Cóimheas, comhionannas agus comhoibriú idir fear agus bean, béim ar an phobal thar an duine aonair.  Don chuid is fearr de 30,000 bliain b’iad sin na noirm shóisialta.  Bhí adhradh déithe ársa bunaithe ar an nadúr agus ar an bhandia seachas ar aondiachas agus ar chliarlathas, náire agus ciontacht greanta go domhan sa fó-chomhfhios, agus lascadh fhuip Dia na fíréantachta.  Tá fianaise ann gur mhair an sochaí seo go fórleathan ar feadh na gcéadta bliain – sochaí síochánta, gan chogaidh agus gan scrios á dhéanamh ar an domhan. Is léir go ndeachaigh críonnacht an nadúr agus feasacht an neamh-chomhfhios go mór I bhfeidhm ar an saol ag an am sin.

Dar le Terence McKenna, eitnealuibheolaí mór le rá, go bhfuil dlúbhaint idir an t-athrú ó chultúr comhpháirtíoch go chultúr forlámhach agus an ghéarchéim dhomhanda atá le feiscint inniu.   Mar a dúirt sé;

the psychological shift that ensued left European civilization staring into two millenia of religious mania and persecution, warfare, materialism, and rationalism.”  

maxresdefault
Terence Mckenna

 

An bhfuil ionadaí níos fearr ann inniú a sheasann ar son na luachanna seo ná Uachtarán nua-thofa na Stáit Aontaithe, ógfhear cuidsúlach an Chultúir Fhorlámhach?   An tsaint, an éirí in airde, an seobhaineachas agus an ciníochas –  uilig brúite le chéile ag ginúint scigcharachtar oraiste ár linne! Aisteach go leor, ní chreideann sé sa téamh domhanda, agus is cosúil go bhfuil sé ar intinn aige damáiste doleigheasta a dhéanamh ar an comhshaoil agus é sa Teach Bhán. Don fhorlámhaigh, níl in san nadúir ach nótaí dollair.

Sin uilig ráite, tá dóchas taobh thiar den duairceas is díoma. San am a chaith mé sa dufair, fuair mé blaiseadh den taobh eile. Áit a mhaireann ar bunluachanna an chultúr comhpháirtíocht seo. Sa dara chuid den alt seo, tabharfaidh mé cuntas ar an eispéireas a bhí agam ansin agus déanfaimid  machnamh ar na ceachtanna atá le foghlaim ón Amasóin.

Le Cairbre Ó Cairealláin

Apollo House, 2016 agus an DUP.

Buíochas mór le dia, nach deas an rabharta dóchais roimh dheiridh 2016? Shíl muid ar fad go raibh muid fágtha le scéalta faoin Trumpach agus bás na celebrities ar fad.

Le cúpla seachtain anuas, tá áird na meán ar phríomhchathair na hÉireann le forghabháil Apollo House ar son dídeán a chur ar fáil dóibh siúd nach bhfuil sé acu. Foirgneamh folamh le 10 n-urlár a bhí in úsáid ag Roinn Leasa Shóisialaigh agus anois atá ag feidhmniú mar bhrú bhreá daofa.

Ghlac an cosmhuintir, Filí, Ceoltóirí, Ealaíontóirí, agus Gaeil seilbh ar an fhoirgneamh mar fhreagra ar an ghéarchéim. Rinne siad an gníomh seo as a stuaim féin mar gheall ar easpa gníomhachtaí an rialtais- tá ceacht tábhachtach ansin cinnte.

Anois, go bhfuil daoine ag cur futhú i dTeach Apollo, tá na cúirteanna agus na polaiteoirí a rá go bhfuil siad buartha fá shabhailteacht na ndaoine atá ann, nach bhfuil sé seo, siúd nó eile sabháilte ach an t-aon rud nach bhfuil sabháilte ná caipitil s’acu.

Ach tuigim cás na bpolaiteoirí, is doiligh a mhaíomh go bhfuil sé maith go leor forgabháil a dhéanamh ar Apollo Houses agus gan forgabháil a dhéanamh ar thalamh s’acu féin. Coimhlint na bpolaitíochta, is dócha.

000d5790-800.jpg
Apollo House i mBÁC.

“Tá sé ráite gur tiarna talún iad trian do na TD’anna sa rialtas ó Dheas. Anois, bhféidir gurb é sin ceacht número 2.”

220316_146_news_hub_185796_677x251
Gníomhaithe Apollo House

Agus féach anois, tá an gníomh céanna ag tarlú i Sligeach agus tá 13 duine gan dídeán ag cur futhú i sean-oifig i mBaile Sligidh. An deis í seo le cultúr agus gluaiseacht úr a thógáil?

Ardaíonn na gníomhanna seo neart ceisteanna liom féin.

An mbeidh daoine gan dídeán ann go deo as siocair nach bhfuil an maoin acu?

An mbeidh daoine ocrach ann i gcónaí as siocair nach bhfuil an t-airgead acu?

Is dócha go bhfuil na freagraí le fáilt os ár gcomhair má osclaíonn muid ár súile i gceart

Is deis é seo cultúr úr a thógáil- cultúr nach bhfuil aon ghaol aige le Cultúr an Tíogair Cheiltigh, Cultúr na sainte agus an aonarachais. Cultúr atá bunaithe ar dhaoine, pobal agus muintearthas.

Tá mé féin ag cur fúm in Iarthar Bhéal Feirste, ceantar ina bhfuil ráta an-ard féinbhás i measc na ndaoine óga. Is beag seirbhisí nó, fiú féin ionad buail isteach ann do dhaoine óga agus is in olcas atá sé ag dul.

Tá an ceantar lán éischéadúnais, bookies, bialainn ghasta agus money lenders. Creidim go mór go bhfuil réiteach do chuid den fhadhb seo le fáil sna sean-fhoirgnimh atá ina lúi thart folamh thart fá Iarthar Bhéal Feirste.

Níl Subway nó Bookies nó Bear eile de dhíth orainn! Tá áit ar féidir linn pobal a thógáíl, áit nach gá duit airgead a chaitheamh, áit gan aon bhrú shóisialta nó riachtannas ar leith le comhlíonadh agat. Tá scrios a dhéanamh ar  ár bpobal agus é ar fad in ainm an bhrabúis.

Anois, tá an DUP i ndiaidh an t-airgead dona scolaireachtaí fá choinne daoine óga atá faoi mhí-bhuntaiste eacnamaíochta a ghearradh. Buile don Ghaeilge agus an lucht oibre cíbe áit ina bhfuil siad agus caithfidh muid cinntiú nach n-imíonn sé sin le gaoth sa bhliain úr.

233503555-e2fe9a3b-ee3f-4ead-a37a-e22e35141387-copy
Paul Givan ón DUP .

Níl réiteach an scéil agamsa ach an ceacht is tábhachtaí a d’fhoghlaim mise ó Apollo House ná gur féidir leis na daoine aon rud a bhaint amach agus iad ag obair as lámha a chéile.

Ní amháin gur forgabháil foirgnimh amháin atá i gceist, ach forgabháil na poblachta, forgabháil na ndaoine agus forgabháil an phobail agus cuireann sin eagla an chraicinn ar an rialtas.

-Naoise Ó Cairealláin

NA BRAINLESS GAEILGEOIR SKINHEADS

Cé hiad na BGS a deir tú? Is gach mac máthar muid, is tusa muid, an spéir, na réaltaí, na cosmos, an pionta guinness os do chomhair.

Is dream muid a bhfuil dúil againn sa scríobh, sa síorsmaointeoireacht agus ag síorchéistiú rudaí i gcónaí agus ansin dul ar an drábhlas le tréibh ó shléibhtí Chonamara.

Seo beirt dona BGS (thuas) NAOISE agus Liam Óg- bíonn clár raidió ag an bheirt BGS sin achan luan- BEO óna 4-5 ar Raidió Fáilte.

An bhfuil muid Brainless a deir tú? b’fhéidir ach an olc an rud é sin?  —Déanaigí Google ar Ganglia—-

Tcíonn muid féin gurb iad na daoine le hinchinn na daoine a dhéanann an scrios is mó ar an domhan seo.

An Skinheads muid? Thíos faoin ár gcuid gruaige-is muid.

An bhfuil muid Gaeilgeoir – TÁ.

Coinnigí súil géar amach- tá rabharta ag teacht.

(agus mas suim leat scríóbh linn agus a bheith ina BGS- seol teachtaireacht chugainn)

NA BGS x0

bill_hicks_by_inaction_in_action